Iarratais Neamh-Rialta Treoracha maidir le soláthar cáipéisí sa phost.
Ní mór duit teastais a sholáthar do CAO i gcás gach cáilíocht atá luaite agat sa roinn d’ Iarratais Neamh-Rialta ar an bhfoirm seo.
Déan cinnte go dtugtar dátaí, ábhair agus torthaí i gcás na dteastais sin
Ní gá bunchóipeanna a sholáthar. Is leor fótachóipeanna atá deimhnithe go hoifigiúil ag an scoil, mar shampla.
Ní ghlacfar le doiciméid a sheoltar ar ríomhphoist ná ar an bhfacs.
Is gá go mbeadh gach doiciméid marcáilte go soiléir ag taispeáint d’ainm agus do d’Uimhir Iarratais.
Is gá aistriúchán deimhnithe Béarla a sholáthar i gcás cáilíochtaí nár eisíodh i mBéarla nó i nGaeilge, chomh maith le fótachóipeanna deimhnithe A4 de na doiciméid iad féin.
Seoltar gach doiciméid chuig CAO (féach an seoladh thíos)
Ná seol aon rud chuig na hinstitiúidí féin mura n-iarrtar ort é sin a dhéanamh.
Seol na doiciméid chuig an seoladh seo a leanas:
Central Applications Office,
Teach an Túir,
Sráid Eglinton,
Gaillimh.
Más mian leat deimhniú a fhail ón CAO go bhfuair siad do chuid doiciméid ní mór duit cárta poist a chur isteach ar a mbeidh do sheoladh féin agus stampa freisin.
Le do thoil, léigh lth. 12 den Lámhleabhar le breis treoracha a fháil.
Mura gcloítear leis na treoracha seo, ansin d’fhéadfadh táille sa bhreis a bheith le n-íoc ag iarratasóir agus d’fhéadfadh an mhoill seo cur as do phróiseáil d’iarratas leis.