Uasiontráil
IarrataisChun Iarratas Uasiontráil a chuir isteach caithfidh tú bheith ag staidéar faoi láthair, nó bliain amháin (ar a laghad) a bheith críochnaithe go rathúil agat ag leibhéal 6, 7 nó 8 in Institiúid Ardoideachais nó a coibhéis.
Is féidir le hiarratasóirí úsáid a bhaint as Iarratas ar Chúrsaí Uasiontrála le hiontráil chuig cúrsaí ar leith i mblianta 2,3 agus 4, sna hInstitiúidí seo a leanas:
- Dublin City University
- Institiúid Ealaíne, Deartha Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
- Maynooth University
- Munster Technological University
- Coláiste Naisiúnta Ealaíne is Deartha
- South East Technological University
- Technological University Dublin
Le hiarratas a sheoladh chuig Institiúid Tríú Leibhéil nach bhfuil thuasluaite ba cheart d'iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le hOifig Iontrála an choláiste ábhartha le breis eolais a fháil.
Tabhair aire le do thoil:
- Caitfidh micléinn tríú leibhéal a dteastaíonn uathu a gcailíocht a ardghrádú san institiúid ina bhfuil siad ag staidéar faoi láthair, iarratas a sheoladh díreach chuig an institiúid sin agus ní chuig CAO.
- Nuair atá tú ag déanamh Iarratas Uasiontrála is féidir leat iarratas a dhéanamh ag an am céanna ar na gnáth chúrsaí fochéime agus an fhoirm iarratais chéanna a úsáid; is féidir leat naoi gcinn de chúrsaí Uasiontrála a roghnú agus deich gcinn de ghnáth chúrsaí fhochéime ag Leibhéal 8 nó ag Leibhéal 7/6.
- Braitheann soláthar cúrsaí Uasiontrála go huile agus go hiomlán ar na hinstitiúidí iad fhéin agus d'fhéadfadh sé go mbeadh cúrsaí gníomhaithe nó díghníomhaithe de réir mar a mheasann na hinstitiúidí ag aon am le linn den tréimhse le hiarratais a dhéanamh. If the course code of the programme you wish to apply for is not available in the Uasiontráil Course Search facility, please contact the admissions office.
- Níl aon ord tosaíochta i gceist maidir le hiarratais ar chúrsaí Uasiontrála; má tá iarratasóir ag seoladh isteach iarratas ar chúrsaí fochéime céad bhliana chomh maith, ansin tá feidhm leis na gnáth rialacha agus caithfidh iarratasóirí a gcuid rogha cúrsaí fochéime a chur síos in ord tosaíochta san roinn chuí ar an bhfoirm iarratais.
- All supporting documentation must be supplied to CAO. You can upload or post your documents - do not do both. Instructions for uploading documents can be found at cao.ie/upload. If you choose to post documents to CAO, you must include a cover sheet - please see cao.ie/post for guidance. Failure to supply CAO with supporting documentation may result in your application being rejected by the HEI.
Download Cover Sheet - Ní dhéanfar obair mheasúnachta maidir le hiarratais go dtí Earrach 2026 ar a luaithe.
Tairiscintí
Is féidir tairiscintí a sheoladh chuig iarratasóirí atá ina dteideal ag aon sa bpróiseas iarratais agus is iad na hOifigí Iontrála sna hinstitiúidí fhéin a dhéanann cinneadh maidir le gach tairiscint a sheoltar amach.
Tá 14 lá ag iarratasóir ar chúrsaí Uasiontrála le glacadh le haon Tairiscint a eisitear, agus d'fhéadfá tairiscint a fháil ar gach cúrsa bunaithe ar intofacht.
Is féidir le hiarratasóirí ar chúrsaí Uasiontrála glacadh le níos mó ná tairisicnt amháin ach is é an tairiscint is deireanaí ar ghlac tú leis roimh an sprioclá a chuirfear san áireamh.
