Cookie Consent:  We use necessary cookies to make our site work. In particular, secure encrypted session cookies are necessary to allow secure progression through the various elements of the online 'apply' and 'my application' services. Session cookies are deleted automatically when the browser is closed.

Additional cookies are required to use services from third parties such as Site Search 360 (site search), Prospectus Plus (interactive handbook) and IBM (Virtual Assistant). If you wish to use these services you must accept additional cookies.

For more details, please see our privacy statement.

Uasiontráil

Iarratais
Chun Iarratas Uasiontráil a chuir isteach caithfidh tú bheith ag staidéar faoi láthair, nó bliain amháin (ar a laghad) a bheith críochnaithe go rathúil agat ag leibhéal 6, 7 nó 8 in Institiúid Ardoideachais nó a coibhéis.

Is féidir le hiarratasóirí úsáid a bhaint as Iarratas ar Chúrsaí Uasiontrála le hiontráil chuig cúrsaí ar leith i mblianta 2,3 agus 4, sna hInstitiúidí seo a leanas:

  • Dublin City University
  • Institiúid Ealaíne, Deartha Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
  • Maynooth University
  • Munster Technological University
  • Coláiste Naisiúnta Ealaíne is Deartha
  • South East Technological University
  • Technological University Dublin

I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go mbeadh seans acu siúd a bhfuil cailíocht QQI FET/FETAC Leibhéal 6 acu cheana fhéin, iarratas a dhéanamh ar áit sa dara bliain i gcúrsa ábhartha in institiúid tríú leibhéal. Ba cheart do gach iarratasóir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Iontrála san institiúid ábhartha le sonraí a lorg maidir leis an íosmhéid riachtanais iontrála sula seoltar aon iarratas isteach.

Le hiarratas a sheoladh chuig Institiúid Tríú Leibhéil nach bhfuil thuasluaite ba cheart d'iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le hOifig Iontrála an choláiste ábhartha le breis eolais a fháil.

Tabhair aire le do thoil:
  • Caitfidh micléinn tríú leibhéal a dteastaíonn uathu a gcailíocht a ardghrádú san institiúid ina bhfuil siad ag staidéar faoi láthair, iarratas a sheoladh díreach chuig an institiúid sin agus ní chuig CAO.
  • Nuair atá tú ag déanamh Iarratas Uasiontrála is féidir leat iarratas a dhéanamh ag an am céanna ar na gnáth chúrsaí fochéime agus an fhoirm iarratais chéanna a úsáid; is féidir leat naoi gcinn de chúrsaí Uasiontrála a roghnú agus deich gcinn de ghnáth chúrsaí fhochéime ag Leibhéal 8 nó ag Leibhéal 7/6.
  • Braitheann soláthar cúrsaí Uasiontrála go huile agus go hiomlán ar na hinstitiúidí iad fhéin agus d'fhéadfadh sé go mbeadh cúrsaí gníomhaithe nó díghníomhaithe de réir mar a mheasann na hinstitiúidí ag aon am le linn den tréimhse le hiarratais a dhéanamh. If the course code of the program you wish to apply for is not available in the Uasiontráil Course Search facility, please contact the admissions office.
  • Níl aon ord tosaíochta i gceist maidir le hiarratais ar chúrsaí Uasiontrála; má tá iarratasóir ag seoladh isteach iarratas ar chúrsaí fochéime céad bhliana chomh maith, ansin tá feidhm leis na gnáth rialacha agus caithfidh iarratasóirí a gcuid rogha cúrsaí fochéime a chur síos in ord tosaíochta san roinn chuí ar an bhfoirm iarratais.
  • Certified photocopies of supporting documentation must be posted to ‘Uasiontráil, CAO, Tower House, Eglinton St., Galway’. Write your CAO application number on each document. Please download, complete and attach the following cover sheet to your documents. Failure to address this post to 'Uasiontráil' and attach the cover sheet may cause a delay in your documentation being processed.
    Download Cover Sheet
  • Ní dhéanfar obair mheasúnachta maidir le hiarratais go dtí Earrach 2024 ar a luaithe.

Tairiscintí

Is féidir tairiscintí a sheoladh chuig iarratasóirí atá ina dteideal ag aon sa bpróiseas iarratais agus is iad na hOifigí Iontrála sna hinstitiúidí fhéin a dhéanann cinneadh maidir le gach tairiscint a sheoltar amach.

Tá 14 lá ag iarratasóir ar chúrsaí Uasiontrála le glacadh le haon Tairiscint a eisitear, agus d'fhéadfá tairiscint a fháil ar gach cúrsa bunaithe ar intofacht.

Is féidir le hiarratasóirí ar chúrsaí Uasiontrála glacadh le níos mó ná tairisicnt amháin ach is é an tairiscint is deireanaí ar ghlac tú leis roimh an sprioclá a chuirfear san áireamh.